{"product_id":"mol-an-oige-1-gaeilge-na-sraithe-soisearai-don-chead-bhliain","title":"Mol an Oige 1: Gaeilge na Sraithe Sóisearaí don Chéad Bhliain","description":"\u003cp\u003e\u003cb\u003eAuthor:\u003c\/b\u003e Ní Shúilleabháin, Caitríona\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eNumber Of Pages:\u003c\/b\u003e 336\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eRelease Date:\u003c\/b\u003e 24-04-2019\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eDetails:\u003c\/b\u003e Tagann Mol an Óige 1 (Bliain a 1) go hiomlán le Sonraíocht Gaeilge na Sraithe Sóisearaí (T2), Creat na Sraithe Sóisearaí agus na Treoirlínte Measúnaithe don Ghaeilge.\nTosaíonn gach aonad le píosa litríochta as a n-eascraíonn téama an aonaid. Tosaíonn gach rannóg le liosta Torthaí Foghlama a bhaineann leis na trí shnáithe; is iad seo na torthaí cuí i gcás na rannóige sin. Tá na Torthaí Foghlama briste síos ina gcuspóirí foghlama atá éasca do na daltaí a thuiscint. Scagann gach aonad an téama cuí le réimse tarraingteach gníomhaíochtaí a áiríonn na cúig scil a chuidíonn le Cumas Cumarsáide an dalta: éisteacht, léitheoireacht, ginchumas labhartha, idirghníomhaíocht labhartha agus scríbhneoireacht. Cuireann na rannóga Cur i Láthair ábhar, foclóir agus modhanna ar fáil do na daltaí a chuideoidh leo cur i láthair a dhéanamh ar réimse topaicí. Déantar tagairt don Measúnú chun Foghlama (McF) go rialta (féinmheasúnú, obair bheirte, obair ghrúpa, etc.). Déanann daltaí gníomhaíochtaí a leagann an bhunsraith don Mheasúnú Rangbhunaithe a dhéanfaidh siad i mBliain a 3. Is féidir leis na daltaí féinmheasúnú a dhéanamh le linn na foghlama leis na seicbhoscaí ‘Féinfheasacht an fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’, rud a ligeann dóibh cúnamh a lorg nó a ndul chun cinn a roinnt leis an múinteoir. Pléitear gnéithe éagsúla de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta sna haonaid. Múintear an ghramadach i mbealach comhtháite sna haonaid ar fad, agus tá aonad gramadaí ann freisin a chinntíonn feasacht teanga. Tá tascanna agus gníomhaíochtaí Punainne ar fáil i ngach aonad le go mbeidh na daltaí in ann an méid atá foghlamtha acu a úsaid agus machnamh a dhéanamh ar a dturas teanga.\n\nAcmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí Sa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá:\n- Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn na daltaí samplaí oibre\n- Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid\n- Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú\n- Loga gramadaí\n- Bileoga féinmheasúnóireachta\/machnaimh CD na Scoláirí ar an bhfuil míreanna fuaime do na rannóga ‘Cur i Lathair’ uile, ábhar cluastuisceana, dánta agus roinnt amhrán.\nAcmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí Sa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá:\n- Forléargas ar Chreat na Sraithe Sóisearaí\n- Léargas ar an tSonraíocht Gaeilge agus Treoirlíne Measúnaithe\n- Scéim Oibre don Chéad Bhliain\n- Treoirlínte a thagann leis na straitéisí sa téacsleabhar\n- Acmhainní do gach aonad\n- Scripteanna iomlána CD CDanna na Múinteoirí (na cluastuiscintí ar fad agus athsheinm ar na míreanna). Tá acmhainní digiteacha breise ar fáil ar an suíomh acmhainní, gillexplore.ie, san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint agus teimpléad pleanála don mhúinteoir ar féidir eagarthóireacht a dhéanamh air.\n\neLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann – féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.\nIs féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar line agus as líne.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eEAN:\u003c\/b\u003e 9780717185764\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eLanguages:\u003c\/b\u003e irish\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eBinding:\u003c\/b\u003e paperback\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eItem Note:\u003c\/b\u003e Ebook code unscratched.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eItem Condition:\u003c\/b\u003e UsedVeryGood\u003c\/p\u003e","brand":"Pigeonhouse Books, Dublin","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":50795754651975,"sku":"DM-NPCN-K64M","price":24.99,"currency_code":"EUR","in_stock":true}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0293\/7474\/2572\/files\/61QsWS63W0L.jpg?v=1735478960","url":"https:\/\/www.pigeonhousebooks.com\/products\/mol-an-oige-1-gaeilge-na-sraithe-soisearai-don-chead-bhliain","provider":"Pigeonhouse Books, Dublin","version":"1.0","type":"link"}