{"product_id":"mol-an-oige-3-cursa-gaeilge-don-tsraith-shoisearach-ardleibheal","title":"Mol an Oige 3: Cúrsa Gaeilge don tSraith Shóisearach, Ardleibhéal","description":"\u003cp\u003e\u003cb\u003eAuthor:\u003c\/b\u003e Geraghty, Triona\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eNumber Of Pages:\u003c\/b\u003e 488\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eRelease Date:\u003c\/b\u003e 28-08-2018\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eDetails:\u003c\/b\u003e Product Description      \nIs do scoláirí Dara agus Tríú Bliana é Mol an Óige 3 (Ardleibhéal) agus tá sé ag teacht leis na treoracha atá leagtha amach i Sonraíocht na Sraithe Sóisearaí don Ghaeilge (L2) agus sa Chreat don tSraith Shóisearach.\n\nTá seacht gcéim i ngach aonad: Céim a 1: Litríocht agus Cultúr, Céim 2–6: Cumas Cumarsáide agus Céim a 7: Athbhreithniú agus Féinmheasúnú.\nLéirítear na Torthaí Foghlama mar chuspóirí foghlama soiléire.\nTá liosta de na Torthaí Foghlama cuí i gcás na dtrí shnáithe ag tús gach céime.\nTá aonad ann do litríocht eile atá molta ag an NCCA, úrscéal, dráma agus gearrscéalta san áireamh.\nRannóg Chur i Láthair ina bhfuil ábhar, stór focal agus modhanna éagsúla chun réimse leathan topaicí a chur i láthair, rud a chuidíonn le scoláirí agus iad ag ullmhú do MRB 2.\nTá tagairtí rialta don Mheasúnú chun Foghlama (McF) sa leabhar.\nAibhsítear gníomhaíochtaí a d’fheilfeadh don Mheasúnú Rangbhunaithe.\nIs féidir le scoláirí féinmheasúnú a dhéanamh ag úsáid na dticbhoscaí sna rannóga ‘Féinfheasacht an Fhoghlaimeora: Féinmheasúnú’.\nPléitear gnéithe de chultúr na hÉireann agus saol na Gaeltachta ar bhealach cuimsitheach.\nCuirtear béim ar an litearthacht leis na heochairnathanna agus an réamhobair sa rannóg chluastuisceana.\nMúintear an ghramadach i mbealach comhtháite, agus tá aonad gramadaí ar leith ann a thugann deiseanna breise staidéir don scoláire, agus a chinntíonn feasacht teanga.\nTá Ceist ilmhódach i ngach aonad.\n\nAcmhainní SAOR IN AISCE do Scoláirí\n\nSa Punann agus Leabhar Gníomhaíochta tá: - Gníomhaíochtaí ina gcruthaíonn an scoláire samplaí oibre - Gníomhaíochtaí a thacaíonn leis na haonaid - Traenáil sa dréachtú agus athdhréachtú - Loga gramadaí - Bileoga Féinmheasúnaithe\/Machnaimh - Dhá thriail chluastuisceana shéasúracha\nAr CD 1 na Scoláirí tá na míreanna fuaime do na rannóga ‘Cur i Láthair’, na dánta atá sa téacsleabhar agus na trialacha cluastuisceana ón Punann agus Leabhar Gníomhaíochta.\nAr CD 2 na Scoláirí tá an t-ábhar cluastuisceana ar fad\n\nAcmhainní SAOR IN AISCE do Mhúinteoirí\n\nSa Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí tá: - Léargas ginearálta ar an gCreat don tSraith Shóisearach - Cur síos ar an tSonraíocht don Ghaeilge agus na Treoirlínte Measúnaithe - Scéim Oibre don Dara agus Tríú Bliain - Pleanáil agus tacaíocht do MRB 1 agus MRB 2 - Scripteanna iomlána CD agus físe\nCDanna na Múinteoirí (na scrúduithe cluastuisceana ar fad agus athsheinm).\nTá acmhainní digiteacha breise ar fáil ar ár suíomh acmhainní, www.gillexplore.ie, san áireamh anseo tá sleamhnáin PowerPoint, físeanna MRB agus teimpléid phleanála ineagarthóireachta do mhúinteoirí.\n\neLeabhar Saor\neLeabhar saor in aisce a bhfuil físeanna agus naisc idirlín leabaithe ann – féach an clúdach laistigh. Gheobhaidh múinteoirí a úsáideann an leabhar rochtain ar leaganacha eLeabhair den Punann agus Leabhar Gníomhaíochta agus Leabhar Acmhainní do Mhúinteoirí saor in aisce.\n Is féidir teacht ar eLeabhair Gill Education ar líne agus as líne.\n \nNA hUDAIR\nMúineann Caitríona Ní Shúilleabháin Gaeilge agus ceol i Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhaic, Co. Chiarraí. Tá taithí fhairsing mhúinteoireachta aici agus is í a scríobh an tsraith Aois na Glóire don Teastas Sóisearach agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don Ardteist í.\n \nMúineann Triona Geraghty Gaeilge agus Fraincis i gColáiste Rís, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá go leor taithí aici mar scrúdaitheoir do na scrúduithe cainte Gaeilge agus is í a scríobh Less Stress More Success: Leaving Certificate Irish Higher Level, agus is comhúdar na leabhar Spreagadh agus Samhlaíocht don \n      About the Author      \nCaitríona Ní Shúilleabháin is an experienced teacher of Irish and Music in Mount Anville Secondary School in Dublin. She is an accomplished song-writer in both Irish and English and has worked extensively with TG4. \n\n\nTriona Geraghty teaches Irish and French at Mount Saint Michael Secondary School, Claremorris, Co. Mayo.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eEAN:\u003c\/b\u003e 9780717180370\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eLanguages:\u003c\/b\u003e Irish\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eBinding:\u003c\/b\u003e Paperback\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eItem Note:\u003c\/b\u003e A well-used copy with workbook items filled in on a handful of pages. Unfortunate, but otherwise a very useful copy.\u003c\/p\u003e\u003cp\u003e\u003cb\u003eItem Condition:\u003c\/b\u003e UsedGood\u003c\/p\u003e","brand":"Pigeonhouse Books, Dublin","offers":[{"title":"Default Title","offer_id":48107563188551,"sku":"9J-2DER-8KT4","price":19.99,"currency_code":"EUR","in_stock":false}],"thumbnail_url":"\/\/cdn.shopify.com\/s\/files\/1\/0293\/7474\/2572\/products\/51teH0YdioL.jpg?v=1691015149","url":"https:\/\/www.pigeonhousebooks.com\/products\/mol-an-oige-3-cursa-gaeilge-don-tsraith-shoisearach-ardleibheal","provider":"Pigeonhouse Books, Dublin","version":"1.0","type":"link"}